%
Is fearr rith maith ná droch sheasamh.
%
Níl sa saol seo ach ceo is ní bheimíd beo ach seal beag gearr.
%
Is túisce a thiteann oíche Fómhair ná cloch í bpoll móna.
%
Is éasca caint ná coisíocht.
%
Pós bean aniar agus pósfaidh tú thiar.
%
Ná biodh tús acharainn agat ná deireadh scéil.
%
Pós bean ón sliabh agus pósfaidh tú an sliabh.
%
Ní lia duine ná barúil.
%
San áit ina mbíonn toit bíonn tine,
San áit ina mbíonn tine bíonn teas,
San áit ina mbíonn teas bíonn mná,
San áit ina mbíonn mná bíonn gab!
%
Tús maith leath na hoibre.
%
I dtír na ndall, is rí fear an leathsúile.
%
'Cad a dhéanfadh mac an chait, ach luch a mharú !
%
Tá mise ceart, bíodh an fheamainn ag an bhfear eile.
%
Dá mbeadh cuinneog ag an gcat, ba mhinic a phus féin inti.
%
Mura dtaga leat tar leo!
%
Is maith an té atá ag tabhairt achasáin uaidh.
%
N/il aon tinteán mar do thinteán féin.
%
Níl aon tóin tinn mar do thóin tinn fhéin.
%
Is fearr stuaim ná neart.
%
Is fearr buille a chuireann tú abhaile ná dhá bhuille ar an mbealach.
%
Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán.
%
Sioc tús oíche dhíol Fionn na bróga;
Sioc deireadh oíche cheannaigh sé arís iad.
%
Ní thig leat an craiceann is a luach a fháil.
%
Is iomaí lá ag an uaigh orainn.
%
Naoi n-oiche agus oíche gan áireamh,
Ó Oíche Shamhna go hOíche Fhéil Mártain.
%
Bróga sa chliabhán agus ladhracha sa lathaigh.
%
Is treise dúchas ná oiliúint.
%
Más mian leat cáineadh pós,
Más áin leat moladh faigh bás.
%
Tóg a bhfaighidh tú is bí ag iarraidh tuilleadh.
%
Ní thagann an óige faoi dhó choíche;
ach tagann an brón faoi dhó san oíche
%
Is fearr an tsláinte mhór ná na milte bó.
%
Is fearr an tsláinte ná na táinte
%
'Sé an dóchas lia gan anró.
%
Is fearr socrú dá dhonacht ná dlí dá fheabhas.
%
Imigh leis an saol agus tiocfaidh sé thart.
%
Nár laga Dia do lámh.
%
An rud is annamh is iontach.
%
Is í an toírneach a scanríonn ach an tintreach a mharaíonn.
%
Ceannigh droch rud is bí gan aon rud.
%
Dá mbeinn-se sna flaithis nár bhreá mo scéal,
I measc na n-aingeal, na n-aspal sna naomh.
%
Nár liachtai gráinneacha ghainimh na trá,
Ná póigíní drúchta ar bharr an fhéir,
Na beannachta Dé le h-anamacha do Mharbh.
%
Is trom an t-ualach an leisce.
%
Leisce chun luí agus Leisce chun eirí. [Mallacht Cholmchill ar na Gael.]
%
Sin í bhur sláinte a Naoimh na hÉireann,
Sláinte na n-aingeal is na n-aspal le cheile.
Sláinte do Phádraig, os é 'bheannaigh Éire.
%
Ní fhaigheann lámh iata ach dorn dúnta.
%
Is mairg a thréigeann an duine gnáth ar dhuine dhá thráth.
%
Galar fada níor inis ariamh bréag.
%
D'fhir cogaidh comhaltar síocháin.
%
Is mairg a bhíonn go holc agus go bocht ina dhiaidh.
%
Mair an capall agus gheobhair féar.
%
Ná tarraing an anachain ort mara bhfuil tú i riocht é a chur díot.
%
Ná tabhair cúl ar comhairle do leasa.
%
Trí thréithe na Féinne: glaine ár gcroí,
neart ár ngéag is beart de réir ár mbriathar.
%
An gad is gaire don scórnach is cóir a scaoileadh i dtosach.
%
Ní mairtre go daille.
%
Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.
%
Feileann spallaí do bhallaí chomh maith le clocha móra.
%
Go dtuga Dia fairsinge do chroí i gcónaí duit.
%
Beireann cú mall ar a chuid.
%
Mol an óige agus tiocfaidh sí.
%
Is fearr seo dhuit amháin ná dhá gheobhaidh tú.
%
Is measa cara fealltach ná namhaid follasach.
%
Bíodh dhá abhras ar do choigil agat.
%
Trí bhua an duine shona: fál, faire, mochéirí.
%
Sonas ort agus séan, is an chuid eile orm féin.
%
Is fearr rud maith daor ná droch rud saor.
%
Ní raibh 'maith go leor' go maith ariamh.
%
'Sí capall na hoibre an bia.
%
Is minic a bhí gránna gnaíúil agus dathúil dona.
%
Taithí a ghníonn máistreacht
%
Sé Dia a rathaíonn.
%
Níl breith ar an gcloch a caitear.
%
'Gach ré lá ó mó lá-sa amach', adeir Bríd.
%
Fáilte duit, a Mhuire mhór,
A Mhaighdean shíoraí,
Ár ndídean chóir.
%
An rud is gaire don chroí, 'sé is gaire don bhéal.
%
Oíche Fhéil Fionáin a chuireann mír ar an bhfuacht.
%
Pós bean oileáin is pósfaidh tú an t-oileán ar fad;
Pós bean as gleann is pósfaidh tú an gleann uilig.
%
Ná pós bean gan locht [mar níl a leithéid ann !]
%
Is teoide don mbrat [bplaincéad] a dhúbladh
%
Seo sláinte na ndaoine a bheidh ag dúbláil a bplaincéad anocht !
%
An té atá caifeach lena óige beidh sé bocht lena aois.
%
Is fearr bheith cinnte ná bheith caillte.
%
An té atá caifeach lena óige beidh sé bocht lena aois.
%
Tá an spáráil chomh maith leis an saothrú.
%
An té nach trua leis do chás, ná déan do ghearán leis.
%
Tá an dá "b'fhéidir" ann - b'fhéidir go bhfuil agus b'fhéidir
nach bhfuil.
%
Is iomaí lá sa chill orainn.
%
Is fearr lúbadh ná briseadh.
%
Ní haon mhaith cneasú thar ghoimh.
%
Ní rogha go Rí na cruinne.
%
Bíonn caora dhubh ar an tréad is gile.
%
An rud a scríobhann an púca léann sé féin é.
%
Bíonn driopás ar na h-amadáin nuair a bhíonn drugall ar na h-aingil.
%
Nollaig bhreá a dhéanann reilig teann.
%
Tosnú maith leath na hoibre.
%
Coinnigh do shiopa agus coinneoidh an siopa thú.
%
Lá 'le Pádraig - Thug Pádraig grian leis agus Mícheál an tsíon.
%
Aithnítear cara i gcruatan.
%
Binn le neach a mholadh féin.
%
Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán.
%
Ar oíche Cinn an Dá Lá Dheáag beidh cuimhne grinn go héag.
%
Luímse le Dia is go luí Dia liom,
Crios Mhuire tharam is mé i suan trom.
%
Nuair a fheiceann tú an ghealach dearg,
Tiocfaidh ar an stoirm fearg.
%
aer dearg thoir -- fearthainn agus cur
aer dearg thiar -- teas agus grian.
%
Díogha gach síne sioc ach is measa síor bháisteach.
%
Is fearr na bróga a chaitheamh ná na bráillíní.
%
Bí go moch in do shuí is go luath in do luí,
Is ní fada go mbeidh tú chomh saibhhhir le rí.
%
Thuas seal, thíos seal, sin mar a bhíonn an saol.
%
An té a bhíonn thuas óltar deoch air
an té a bhíonn thíos buailtear cic air.'
%
   An bhfacha tú an bacach
   nó an bhfacha tú a mhac?
   Ní fhacha mé an bacach
   is ní fhacha mé a mhac,
   ach dá bhfeicfinnse an bacach
   nó dá bhfeicfinnse a mhac,
   ní bhacfainn leis an bacach
   is ní bhacfain lena mhac!
%
An té a fhanann le cóir faigheann sé é.
%
Má bhíonn long is lón agat gheobhaidh tú cóir [uair éigin].
%
An té tá tuirseach is furast a leaba a chóiriú.
%
Is maith an scathán súil carad.
%
An té bhíonn amuigh fuarann a chuid.
%
Tagann cothromaíocht síne na huaire
%
Is treise Dia ná dóchas.
%
An te bhíonn ag magadh bíonn a leath faoi féin.
%
Ná déan nós aagus ná bris nós.
%
Cailltear bó an tseaca nuair a bhleántar bó an tsneachta.
%
Nífhaigheann minic onóir.
%
Is minic a bhain duine slat a bhuail é féin.
%
Éist mórán agus aithris beagán.
%
Ní dheanfadh an saol capall rás d'asal.
%
Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcónaí é.
%
Ní maith samhail a theánn í bhfad.
%
Thuas atá an chabhair agus anuas atá a haghaidh
%
Is maith an tráth dí tart.
%
Trí rudaí faoin ól; é ól, é iompar agus é íoc.
%
Níl tuile nach dtránn ach tuile na ngrást.
%
Is minic a bádh long láimh le cuan.
%
Bíonn dhá insint ar gach scéal,
Agus bíonn dhá leagan déag ar gach amhrán.
%
Na Faoillí a mharíonn na caoirigh, Márta a mharíonn daoine.
%
Ní bhíonn saoi gan lucht
%
Is binn béal ina tost
%
Más maith, is mithid
%
Aithníonn ciaróg chiaróg eile
%
Ritheann an charr|fear|ríomhaire seo ar phoitín
%
Labhair Béarla liom agus brisfidh mé do phus
%
Scaoil amach an bobailín!
%
Is tréise tír ná tiarna.
%
Is minic a bhris béal duine a shrón.
%
Is minc a bhí cú mall sona.
%
Fanann fear sona le séan.
%
Giorraíonn beirt bóthar.
%
Ní bheathaíonn briathra bráithre.
%
Capall na hoibre an bia.
%
Is maol gualainn gan dhearthair.
%
Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas.
%
Ní haitheantas go haontíos.
%
Bíonn adharca fada ar na ba thar lear.
%
Ní híseal ná huasal, ach thíos seal 's thuas seal.
%
Is fearr daibhir sona ná saibhhir dona.
%
Ní mar a shíltear bítear.
%
Is fearr goradh cúl cos ná fiche bó ar cnoc.
%
Sceitheann fíon fírinne.
%
Tá Búrcach ar Bhúrcach na luaithrigh,
ach níl ach Búrcach ar an mBúrcach is uaisle.
%
